Podchampa: Ní Amháin Saor Ach Gaelach!
By Conn Ó Muíneacháin on Sep 27, 2007 in PodCamp

Thugas mo cholún inniu in Lá Nua ag cur síos ar Phodchampa Éireann, agus ar phrionsabail na “neamhchomhdhála” ar a bhfuil sé bunaithe. Is féidir éisteacht leis an alt chomh maith in eagrán an lae inniu de “An tImeall” - tá sé istigh leis an mblagmhír seo chomh maith.
Tá roinnt daoine cláraithe cheana féin a bhfuil fhios agam go bhfuil Gaeilge acu, agus táim cinnte go bhfuil roinnt mhaith Gaeilgeoir eile ina measc nach bhfuil aithne agam orthu - fós! Táim ag súil go mór le bualadh leo sin ach go h-áirithe. Déanaigí teagmháil, le bhúr dtoil - agus fáilte!
Má tá Gaeilge agat, podchraol í! ![]()

Post a Comment


